Valuation Appeals Tribunal
Gaeilge    
Text:
Access judgments by reference
welcome to the Valuation Appeals Tribunal
 

Tháinig an Binse Luachála i bhfeidhm faoi fhorálacha an Achta Luachála 1988. Aisghaireadh an tAcht sin leis an Acht Luachála 2001 a rinne foráil d'fheidhmiú leanúnach an Bhinse. Is comhlacht neamhspleách é an Binse a bunaíodh chun déileáil le hachomhairc in aghaidh cinntí an Choimisinéara Luachála ar luacháil inrátaithe ar mhaoin tráchtála.

Ó 1990, faoi fhorálacha an Achta um Láithreáin Thréigthe 1990, déileálann an Binse freisin le hachomhairc in aghaidh cinntí faoi luach láithreán tréigthe ar an margadh atá curtha orthu ag údaráis áitiúla faoin Acht.

Is cinneadh críochnaitheach cinneadh an Bhinse, faoi réir cheart achomhairc chuig an Ard-Chúirt ar phointe dlí.

Comhdhéanamh an Bhinse
Is é an tAire Airgeadais a cheapann comhaltaí an Bhinse. Braitheann líon na gcomhaltaí ar rogha an Aire agus cuimsíonn sé Cathaoirleach, Leaschathaoirligh, agus gnáthchomhaltaí ó cheirdeanna an dlí agus na luachála maoine. Is ceapacháin pháirtaimseartha iad do thréimhse nach mó ná cúig bliana agus tá na comhaltaí in-athcheaptha. 

Comhaltas Reatha an Bhinse
Tá fiche chomhalta ar an mBinse agus ceapadh iad sin go léir ar feadh tréimhse chúig bliana.

Cathaoirleach :
Sasha Gayer, Abhcóide Sinsearach

Leaschathaoirligh (4)
Fred Devlin FRICS, FSCS
John Kerr, BBS, ASCS, ARICS, FIAVI
Maurice Ahern, Luachálaí
Niall O’Hanlon, Abhcóide

Comhaltaí (15)
Brian Larkin, Abhcóide
Aidan McNulty, Aturnae
Thomas Collins, PC, FIPAV, NAEA, MCEI, CFO
Michael F. Lyng, Luachálaí
Frank O'Donnell, Luachálaí
Pat Riney, FSCS, FRICS, FIAVI
Mairéad Hughes, Hotelier
Tony Taaffe, Aturnae
James Browne, Abhcóide
Fiona Gallagher, Abhcóide
Veronica Gates, Abhcóide
Rory Hanniffy, Abhcóide
Frank Walsh, Luachálaí
Michael Connellan Jr., Aturnae
Patricia O’Connor, Aturnae

 


rates valuation appeals